School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 186

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 186
  3. XML “An Fíodóir”
  4. XML “Scéal Beag faoi Am an Drochshaoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dheánfadh sé an seól, an spól, agus an túirne.
    An Ugham, an t-slinn agus an maide lustair.
    Páirt da stuam agus a dheánfadh go luath
    Crann deilbhe agus eagar an einnigh
    Agus an athruigh ar leitheadh a ghreasain
    Agus an maide i gcastar a’ béim leis
    Péire maith bhruisinní, sin agus swiftinní
    Agus pólus ba deise na’n méid sin.
    Diper, deímlí agus cambric
    Braithlineacha caola, garbh ‘gus mín
    Gus cota dón Albanach Gaedhealach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
          1. spinning and weaving (~482)
    Language
    Irish
  2. Sgéal beag fa am a droch saoghail.
    Bhí fear agus bean na gcómhnuidhe thiar ar a t-sliabh am a droch shaoghail. Bhí cupla barraille phréataí aca, agus ní rabh aon cheann ag na cómhursanaigh nach rabh lobhtha. Chúmhdaigh an fear go maith iad, agus diarr sé ar a bhean gan a ghabhail da gcomhair go dtigeadh lá an earraigh, agus go bhfuigheadh siad saidhbhreas airgid ortha san am sin.
    Bhí an t-an ganntanas san chómhursanacht agus moran ar bhruach báis le h-ocras. Thoisigh an bhean a thabhairt na bpréataí daobhtha i gainfios d’a fear. Bhí sé gha deánamh seo rith a gheimhridh, agus go fóill níor reath na préataí amach. Thainig an t-earrach. Chuaidh an fear fhad leis an pholl ar chuir sé na préataí ann. Bhí eagla a h-anam ar a bean, acht bhí an poll comh lán as bhí sé ag Samhain.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.