School: Brackey (roll number 3500)

Location:
Bracky, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Brackey
  2. XML Page 118
  3. XML “An Pléiseam - Leagan Eile - Ruaidhrí O Dáibhid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    rinne sé a dhicheall tárthail a thabhairt air, act sin a rabh aige ar na son. Ghreamuigh seisean fosta agus beigean dó imtheacht mar duine. “Mag-gag” ars an gabar, “siubhal leat”, arsa Ruaidhrí agus thug an t-iomlan aghaidh ar chaislean a Ríogh. Ar theacht go binn a toighe daobhtha, “Mag-gag” arsan gabhar, “Siubhal leat” arsa Ruaidhrí. D’éirigh an boc amach den talamh agus chuaidh de léim isteach ar mhullach a chaisleain agus an driong uilig i bhfasta ann.
    Sgáirt Ruaidhrí leis a Rígh a teacht amach go rabh gnoithe aige leis. Rinne a Rí amhlaidh. “Sin do Playsham agat anois”, arsa Ruaidhrí. D’amharc a Rí suas agus sgannruigh an t-anam as nuair a chonnaic sé an rud a bhí ar mhullach a chaisleain. Ní thiocfadh leis a leithid a rud a fhágailt ar a theach na béadh sé náiruighste thar an dómhan. “Ma thig leat sin a baint anuas arais ar seisean le Ruaidhrí, “bhéirfidh mé oiread óir duit a’s béas tú i ninibh a iomchur”. “Deánfaidh mé mo dhicheall”, arsa Ruaidhrí.
    “Mag-gag” ars an gabar, shuas.“ Shiubhal leat”, arsa Ruaidhrí. Léim an boc anuas agus an Playsham uilig leis. Marbhuigheadh bean Ruaidhrí, maigistir na sgoil, fear na sluaiste, agus fear an asail. Chuaidh Ruaidhrí abhaile agus lán mála oir leis. Thóg sé an caislean a ba deise i nÉirinn i nAlbain no i Sasana. Phos sé an cailín a ba doigheamh la sa Ríoghacht, agus ní rabh níos mó triobloidh aige go deireadh a shaoghail.
    (Críoch)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish