School: Brackey (roll number 3500)
- Location:
- Bracky, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ruaidhre O Dáibhid.
Sa t-sean am bhí fear beag baoidheach arb ainm dó Ruaidhré Ó Dáibhid na chómhnuidhe ar na Gleanntaí. Bhí an bhean aige a ba doigheamhla agus a ba éachtamhla i gCo. Dhúin na nGall. Bhí Ruaidhrí agus a bhean na gcómhnuidhe i dteach binne fód. Bhí maighistir sgoil de na bradain a cur faoi san cómhursantacht agus thuit bean Ruaidhrí i ngrádh leis. Dubhairt sí leis dá bhfuigheadh sí réidthigh le Ruaidhrí go bpósfadh sé é. Acht bhí sin níos fursa a rádh na a dheánamh. Dheamhan a bhfad gur thoisigh sé a chur “plan” ar bun a díbreochadh Ruaidhrí. Lá thar na bharach chuaidh sé fhad le Rígh Cianach, agus dubhairt leis go rabh an áit cómhnuidhthe aige a ba deise i nÉirinn i nAlbain no i Sasain acht an t-sean mhuilleann a bhí os a choinne a chur as amharc, agus muilleann eile a dheánamh a leithid seo a dhoigh a mheillfeadh ‘gus sgillfeadh agus sac bog sacfad le chéile. D’fiafruigh an Rí di caidén doigh a bhfuigheadh sé sin deanta, nó nach bhfacaidh sé(continues on next page)