School: Learga na Saorthach (roll number 14888)

Location:
Learga na Saorthach, Co. Donegal
Teacher:
Cathal Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 87

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 87

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Learga na Saorthach
  2. XML Page 87
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Grinn.
    Bhí fear ann aon uair amháin agus bá ghnatach leis bheith i dtollamh ag fighadóireacht. Lá amhain chuaidh sé chun an aonaigh, agus nuair a bhí sé ar shiubhal smaoitigh an bhean go rachadh sí amach ag fighadóireacht. Agus cuaidh. Ní raibh sí i bhfad amuigh gur bhris sí seóil uilig. Bhí ghamhain sa bhoithigh, agus shil sí go n-innseochadh an gamhain uirthi agus shíl sí go marbhadh sí an gamhain, agus mharbhuigh. Nuair a tháinig an fear abhaile dfiafruigh sé caidé tháinig ar an gamhain. Dubhairt sise go ndeacaidh sí amach ag fighadóireacht agus gur shíl sí go n-innseochadh an gamhain uirthi; agus gur mharbhuigh sí é. Dubhairt an fear annsin go gcaithfheadh sé imtheacht lá thar ba bhárach go bhfeicfheadh sé an raibh bean ar bith comh h-amaideach le na bhean fhéin. Dimtigh sé leis go dtáinig sé fhad le teach agus bhí beirt ban taobh amuigh dé'n teach duine acu ag gach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Bhaoghaill
    Gender
    Female
    Address
    Mín an Churraoin, Co. Donegal
    Informant
    Seamús Ó hAoidhne
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Churraoin, Co. Donegal