School: Learga na Saorthach (roll number 14888)

Location:
Learga na Saorthach, Co. Donegal
Teacher:
Cathal Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Learga na Saorthach
  2. XML Page 135
  3. XML “Scéal fá na Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal fá na Sidheógaí
    Fear a bhí ag gabháil thart, agus bhí sé ag deánamh gogáin agus dá ndíol. Baisteadh Éamonn na ngogán air. Bhí morán gogáin déanta aige, agus bhí sé ag gabháil go h-aonach na gCeall. An lá roimhe an aonach casadh fear de na sidheógaí ar Éamann. Dubhairt sé leis go raibh ualach mór acu leis agus d'fiafruigh sé dó cá raibh sé ag gabháil. Dubhairt Éamann "tá me ag tarraingt ar aonach na gCeall imbarach". An misde duit ghabhail linne anocht; agus díolfhaidh muid thú go maith ar son do siubhail." "Is cuma liom" arsa Éamann. Diarr an fear sidhe air fanacht go dtigeadh na sidheógaí eile fhad leobhta.
    Tá muid ag dul anonn go Connacht in áit ar pósadh lanamhain ann indiu, gabhail a bhaint amach an spéar bhean. Nuair a tháinig an bunadh eile, diarr fear acu ar an fhear eile ghabháil agus beathach a fhághail do Eamann. D'imthigh sé agus níorbh fhada go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Ní Aodhaghain
    Gender
    Female
    Address
    Srath na gCartán, Co. Donegal
    Informant
    Tomás Mac Giolla Easbuic
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Chearrbhaigh, Co. Donegal