School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 194
- XML “An Claíomh Solais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sin ann agus más fada ó bhí, dá mbéinnse ann an uair sin ní bhéinn ann anois, dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, dá mbéinn balbh ní chanfainn é, acht mar nach rabhas ariamh gan sgéal úr nó sean sgéal, mura gcluininn aon sgéal chumfainn fhéin sgéal; agus nár mhaith an chuid de’n sgéal sin.
Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé pósta. Bhí mac amháin aige. Nuair a bhí an mhac seacht mbliadhna d’aois fuair a mháthair bás. Phós an t-athair arais agus bhí mac eile ag an dara mnaoi. Bhí an mheas aicí air. Bhí sean chailleach na gcearc thart fá’n teach agus lá amháin d’fhiafruigh an leas mháthair díthe ua acú de’n dá mhac a gheobhadh an talamh dá bhfuigheadh an t-athair bás. Dubhairt an chailleach go bhfuigheadh an mac ‘ba shine é. Annsin d’fhrafruigh an leas mháthair an roibh dóig ar bith a dtiocfadh leo é a dhibirt amach as an áit. Dubhairt an chailleach go dtiocfadh leo airgead a thabhairt dó. Thug an t-áthair fiche punt dó, agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé a gabháil ar shiubhal. D’imthigh an ghasur leis agus bhí sé sé bliadhna déag an t-am sin.
Nuair a bhí sé ag gúbhail thart ar roilig mhothuigh sé calán. Chuaidh sé isteach go dtí an roilig, agus chonnaic sé mórán daoine ann, agus bhí fear mharbh leobhtha agus iad ag gábhail a chur. Ach dubhairt ceathrar(continues on next page)- Collector
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70