School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 187

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 187

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 187
  3. XML “Na Siógaí”
  4. XML “Dónall Ó Conaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a rádh gur bliadhain ón oidhche sin a chuidh Seán O Ghallochabhair leobhtha go Chonnachta, agus go
    rabh cailín abhaile leis ach go rabh sí bodhar. Dubhairt duine eile go rabh buideal crochta shuas ar bharr an dorais agus dá bhfuigheadh an chailín trí deoch as go dtiocfadh léithí gach rud a chluinstean. D’amharc Seán suas agus chonnaic sé an buideal a bhí crochta ar bharr an dorais. Chuir sé in a phóca é agus thug fhad le an cailín é. D’ól sise trí deoch as agus fuair sí bideach ar an bhomaite. Chomhnuidhe siad le chéile annsin agus bhí saoghal sona sásta aca a sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Domhnall Ó conaill.
    Bhí gasúr ann aon uair amháin, agus bhí sé ar aomsear ag Ministéir. Gach mí bhearfadh an Ministéar airgead do’n ghasur, acht bhéarfadh seisean arais dó é agus deirfeadh sé leis é a choinneal go mbéadh an bliadhain shuas.
    Nuair a bhí an t-am shuas d’iarr an gasur an t-airgead. Dubhairt an Ministéir go dtug sé dó é, agus nach dtabharfadh sé níos mó dó. Chuaidh an ghasúr agus d’innis sé do a athair.
    Ar maidín lá na dhiaidh sin bhí an t-athair ag coimhead an bhó amháin a bhí aige, agus é in a shuidhe ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Daniel O'Connell (~175)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire T. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Address
    Largy, Co. Donegal
    Informant
    Micheál Ó Baoighaill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kill, Co. Donegal