School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 185
  3. XML “Ceird na Gadaíochta”
  4. XML “Na Siógaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí an duine marbh ins an t-seomra an uair sin agus ní thiocfadh le bean an Tighearna chodladh san t-seomra agus an duine marbh ann. B’éigean do’n Tighearna é a thabhairt amach leis agus é a fhágail giota maith o’n teach. Fhad as bhí sé amuigh tháinig an ghaduidhe isteach agus ghuid an braithlín, agus thug ar shiubhal é. Thug sé chuig an Tighearna é an lá thar na bharach agus b’éigean do’n Tighearna cúig céad pun a thabhairt do’n ghaduidhe. B’éigean do’n Tighearna an áit a díol no bhí fhios aige nach mbeadh rud ar bith fághtha ag an ghadhuidhe ann. Nuair a bhí sé díolta tamall d’imthigh an buachall arais chuig a maighistir.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann aon uair amháin, agus bhí sé in a chomnuide ag a mháthair. Seán O'Gallochabhair a b'ainm dó. Chualaidh sé mórán daoine ag cainnt fa na sidheogaí, agus go rabh lios giota beag ó theach Sheáin agus go rabh sidheogaí ann. Oidche Shamhna amháin chuaidh sé suas fad le an lios. Bhuail se taobh amuigh dén lios dhá uair agus ar an bhomaite fosgladh doras agus chuaidh Seán isteach.
    Dubhairt na Sidheogaí go rabh damhsa mór i gConnachta an oidhche sin agus go rabh said san ag gabháil, agus d'fhiafruigh siad dó Sheáin an rachadh sé leobhtha. Bhí lúthgaír ar Sheáin agus dubhart sé go rachadh. Thug siad capall de Sheáin agus sean sguab, agus d'iarr siad ar Sheáin gan rud ar bith a rádh dá ndeanfadh an capall rud ar bith iongantach. Bhí abhainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagain
    Gender
    Female
    Informant
    Seán O Dochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    70