School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tuit sé agus síl an fear gur marbh a bhí sé. Bhain se an croicheann de, agus fuair se deich bpúnta air ins na Cealla ar a bealach na baile. Nuair a cuaidh sé abhaile agus d’innis do bhean caidé mar bhí, bhí an bhron uirthe-sa fósta. Chaoin an bheirt aca.
Acht ní rabh an capall marbh ar comhair ar bith. Fá cionn tamaill d’éirigh sé. D’ol seisean cuid de’n phoitín fosda. Chuaidh sé ar meisge. Anonn san oidhche cualaidh an sean lánamhan cállán, agus ar maidín nuair a mhusgáil siad caidé connaic siad acht an capall gan croicheann ar bith. Chuaidh an bhean suas an cnoc fuair mólt bhain an olann (croich-eann) de, agus chuir ar an capall é. Bhainfeadh siad Iomair olann de gach bliadhain na dhiaidh sin. - An gaduidhe dubh leis fhéin.
Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé pósta. Ní rabh ach mac amháin aca agus nuair a bhí sé trí bliadhna déag d’aois fuair a mháthair bás. Phós an t-athair ath-uair, agus ní rabh an leas-mháthair maith don cead ghasur, ach bhí sí maith do’n ghasúr a bhí aicí fhéin.
Bhí sean chailleach na gcearc ‘na comhnuidhe thart fán bhaile céadna, agus lá amháin d’fiafruigh sí don chailleach cia aca de na mic a gheohfad an talamh dá bhfuigfeadh an t-áthair bás. Dubhairt an cailleach go rabh sí cinnte go bhfuighfeadh(continues on next page)- Collector
- Máire B. Nic Cuinneagain
- Gender
- Female
- Address
- Fintragh, Co. Donegal
- Informant
- Sean Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Killybegs, Co. Donegal