School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 175

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 175

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 175
  3. XML “Na Cearca”
  4. XML “Bhí an Capall ar Meisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag imtheacht go gásta nó dá bhfeicfeadh an maighistir é go mbainfheadh sé na cluasa de. Rith seisean comh gasta is thiocfadh leis, agus le sin tháinig fear an toighe isteach agus d’fiafruigh sé d’ón chailín an rabh na cearca réidh. Dubhairt sise gur ghcuid an fear bocht iad, agus amach leis indiaidh an fhir agus sgairt sé amach; “Tabhair damh ceann amháin aca ar sgór ar bith”. Shíl an fear gur cluas a bhí a dhith air agus as go biátach leis an méid a bhí in a chnámha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí an capall ar meisge.
    Bhí sean lánamhan na gcomhnuidhe i GCill Chartha fada ó shóin agus bhí siad an bhocht. Bhí taos óg na mbailte thart an mhaith ar fad daobhtha. Trathnóna amháin cruinnigh siad uilig le chéile agus rinne siad suas go gceannachad siad dhá chéig poitín daobhtha. Cheannuigh, agus thug do’n sean-duine é. Bhí an lúthgháir ar an beirt aca. D’ól siad céig amhain de. Annsin rinne an fhear réid a chapall agus chuir sé an céig eile ar dhruim an bheathaigh. Bhí sé ag gabhail na nGleanntaí chun an póitín a dhíol, acht nuair a bhí sé ag gabhail síos mollaídh Gleann Gheis bhí siocán ar an talamh agus sleamhnuigh an chapall. Thuit an chéig póitín ar an talamh, briseadh é agus dóirtuigh an póitín. Bhí an bhrón ar an fear nuair a chonnaic sé caidé bhí deanta. Chruim sí sios, agus d’ól sé cuid de. Níor éirigh an capall nuair a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sighle Ní Gadhra
    Gender
    Female
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal
    Informant
    Máire Ní Baoghaill
    Gender
    Female
    Age
    77
    Address
    Abhainn tSeiscinne, Co. Donegal