School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 174

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 174

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 174
  3. XML “Tiomna an Ghréasaí”
  4. XML “Na Cearca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chur I sean phrios go mbéadh an tiomna deanta aige san. Bhí sise sásta le sin agus tháinig an dligheadóir. B’éigean don bhean a fhanacht sa chistineach go mbeadh an tiomna deánta ag a fhear. Rinneadh an tiomna agus cuireadh an fear lá thar na bharach.
    Nuair a bhi sé curtha leígh an dligheadóir amach an tiomna agus dubhairt sé go rabh fiche púnta ag an fhear, agus gur fhág sé cúig púnta ag an uile inghean, agus cúig phúnta dó’n dligheadóir ar son a thrioblóid. Dubhairt sé fósta go rabh gréasaidhe beag ‘na chomnuidhe ar ceithre acraí de’n talamh le fada, agus gur fhagsé an teach agus na ceithre acraí aige, agus an méid a bhí fághtha gur fhág sé ag a bhean é.
    Nuair a chualaidh an bhean seo bhí sí ar mire ach caidé thiocfadh léithe a dheánamh, nó d’innis an greasaidhe dithe dá n-innseochadh sí an sgéal go gcrochfad an bheirt aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Na cearca.
    Bhí fear ann aon uair amháin, agus d’iarr sé ar fhear eile a theacht chuig dinneár. Annsin d’iarr sé ar an cailín aimsire dhá chearc a rósadh. Nuair a bhí siad rósta bhlas sí ceann aca go bfeicfeadh sí caidé má’s rinne sí iad. D’íth sí giota indiaidh an giota eile go rabh sí uilig ithte aice. Annsin bhain sí an cos de’n ceann eile agus chá rabh sí i bhfad go rabh an ceann sin ithte aice fósta.
    Le sin tháinig fear bocht isteach agus d’iara an cailín air a beith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Folktales index
    AT1741: The Priest's Guest and the Eaten Chickens
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic Amhlaoidh
    Gender
    Female
    Address
    Largymore, Co. Donegal
    Informant
    Sean Mac Amhlaoidh
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Largymore, Co. Donegal