School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 171

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 171

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 171
  3. XML “Dúdlem Dee”
  4. XML “An Gasúr Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’innis sé dó an uile ceist a chuireadh siad air le dúdlem dee a rádh, ach dá mbainfeadh sé an chas go mbéadh aige le cúig punnta a thabhairt dó. Rinne an fear seo agus bhain sé an chas. Casadh an dligheadóir air ag fágail teach na cuairte dó, agus d’iarr sé a chúig phunnta air ach dubhairt seisean dúdlem dee agus ní thiocfadh leis an fhear dadaidh a dheánamh leis. Chuaidh sé abhaile agus bhí an bó agus an t-airgead aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí baintreabhach ann aon uair amháin, agus bhí mac amháin aice. Bhí sé amaideach. Prodasdunaigh a bhí ionnta agus anois agus aríst thugeadh an ministéir thart a’ amharc ortha. Lá amháin tháinig sé thart, agus ní thiocfadh leis imteacht ná bhí sé ag cur go trom.
    Nuair a n tháinig an oidhche, thug an bean a shuipeár dó agus choirigh sí leabaidh fa na choinne. Chuaidh sé a luighe agus thuit sé in a chodladh. Ní fhacaidh an gasúr ministéir aroimhe agus bhí sé ag gabháil síos gach bomaite ‘un an t-seomra ag amharc air. Bhain sé na bróga de ar eagla go mhusgladh sé é.
    Ag glanadh an lae chuaidh sé síos agus bhí cuileóg ar aghaidh an mhinisteóra agus ní thiocfadh leis é a chur ar shiubhal. Chuaidh sé suas go dtí an cistineach agus fuair sé tuairnín leis an chuileóg a marbhadh. Annsin buail sé an chuileóg, agus marbh sé an mhinistéir. Ní rabh fhis ag an mháthair annsin caidé a dheánamh sé.
    Bhí fear in a chomhnuidhe ar an bhaile sin a dtugadh siad Micí air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1600: The Fool as Murderer
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagáin
    Gender
    Female
    Address
    Fintragh, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Killybegs, Co. Donegal