School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 164
  3. XML “Scéalta Grinn - Cathal Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cathal Buidhe.
    Bhíos Cathal Buidhe ag gabháil thart ar na toighthibh uair amháin ag iarraidh loisdín, agus ní rabh meas ag an sagáirt air. Dia Domhnaigh amháin dubhairt an sagart go bhfágfadh sé seacht mhallachtaí ar dhuine ar bith a bhéarfadh loisdín do Chatal Buidhe.
    Chualaidh Cathal an sgéal agus ghléas sé mar bhéadh bean ann. Tráthnóna geimhridh amháin chuaidh sé fhad le teach an tsagairt, agus bhuail sé ar an doras. Tháinig an cailín aimsire amach agus d’iarr sé deoch uirthí. Thug sise deoch uisge do, ach ní ghlacfadh sé é d’iarr sé deoch bainne.
    Ní thabhairfadh sise deoch bainne do, agus d’iarr sí air imtheacht, ach ní imtheochadh sé. Chuaidh sise fhad leis an sagart, agus d’innis sí an sgéal do. Tháinig seisean amach agus nuair a chonnaic sé an bhean bhocht thug sé loisdín díthe. Chuaidh Cathal i luighe an oidhche sin agus d’éirigh sé go moch maidín lá thar na bhárach.
    Ní rabh duine ar bith musgailte agus thug seisean cóta mór, hata, bróga, báta, stocaí, miotógaí agus léine an tsagairt leis. Nuair sé ag imtheacht fuair sé cipín beag doighte sa teine agus sgríobh sé ar an bhalla: “Tá na seacht mallachtaí ort a shaghairt, a chroidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Vera Callaghan
    Gender
    Female
    Address
    Fintragh, Co. Donegal
    Informant
    Brian Mc Cavitt
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal