School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 145
  3. XML “Seanscéal - Máire agus an Chaora”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean scéal.
    :
    Máire agus an caora.
    Bhí rí agus báinrioghain ann aon uair amháin, agus bhí inghean acú. Bhí sí an dóigheamhail, agus bhí gach duine ag tuitim i ngrádh léithe. Fuair an bháinrioghain bás, agus phós an rí bean eile.
    Bhí an bhean seo mar leas mháthair ag inghean an ríogh, agus ní rabh sí maith díthe ar chor ar bith. Bhí beirt inghean aicí féin, agus ní rabh siad deas, agus bhí éad ortha le inghean an ríogh.
    Théidheadh siad un’ Aifrinn gach Domhnach agus bhiodh gach duine ag cainnt leis an cailín doigheamhail, agus ní bhíodh duine ar bith ag cainnt leis an bheirt eile. Bhí seo ag goilleadh go mór ar an leas mháthair, agus dubhairt sí go gcaitheadh inghean an ríogh fanacht sa bhaile gach Domhnach agus an dinneár [a] déanamh réidh.
    Tháinig an Domhnach, agus b’ éigin díthe fanacht sa bhaile. Bhí sí ag caoineadh, agus go díreach annsin c[h]ualaidh sí an guth ag an doras ag rádh. “Caidé tá ort a Mháire.” (Máire an t- ai[n]m a bhí uirthí.)
    D’amharc sí thart, agus chonnaic sí caora dhubh ag an doras. D’innis sí an sgéal do, agus d’iarr sé uirthí í féin a ghleasadh, agus a gábhail a marcuidheacht, agus go mbéadh sí i n- am, agus gan labhairt le duine ar bith, ach pilleadh abhaile comh tiugh géar agus t[h]iocfadh léithe, agus go mbéadh an dinneár réidh aige-san.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Nic Amhlaoidh
    Gender
    Female
    Address
    Largymore, Co. Donegal
    Informant
    Micheál O Baoighill
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kill, Co. Donegal