School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- BhI fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí siad an-bocht. Bhí trúir mac déag aca. Oidhche amháin dubhairt an fear le na mhnaoi go gcaithfeadh sé na mic a thabhairt amach chuig an choill agus iad a fhághail annsin, nó ní rabh biadh ar bith sa teach le tabhairt dobhtha. Bhí buachaill amháin ag éisteacht agus chualaidh sé an sgéal. Ba é “Jack” an t-ainm a bhí ar an bhuachaill seo.
Maidín an lá thar na mharach thug an t-athair na mic na coilleadh, agus d’fhág annsin iad. Roimh a ghabhail amach thóg Jack clocha agus chuir ina phoca iad, agus air a bhealach amhach do chaith sé ar an talamh iad.
Nuair a tháinig an tráthnóna d’imthigh in t-athair abhaile indiaidh slán a fhágail ag na mic. Ach ní rabh sé i bhfad ins an teach go dtáinig na mic isteach bhí lúthgháir ar an máthair iad a fheiceáil arais.
Thug an t-athair na coilleach iad maidín lá thar na mharach aráis. Thug an mathair giota beag aráin do gach duine acú. Ar a bealach amach do Jack chaith sé na giotaí beaga annseo agus annsud. Nuair a tháinig siad go dtí an choill d’fág an t-athair iad agus phill sé abhaile.
Indiaidh tamaill thionntuigh na mic arais ach bhí na giotaí aráin itthe ag na h-éanacha, agus ní rabh fhios acú an bealach ceart abhaile. D’imthigh siad leabhtha gan fios acú cá rabh siad ag dul.(continues on next page)- Collector
- Aibhistín Aodh Mac Amhlaoidh
- Gender
- Male
- Address
- Largymore, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Kill, Co. Donegal