School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 133
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear in a chomhnuidhe shuas ag Inbhear fad ó. Seán Mac Gearbhaidh a b'ainm do.

    Bhí fear in a chomhnuidhe suas ag Inbhear fadó. Seán Mac Gearbhaidh a b’ainm do. Bhí sé bacach, brocach, mánta, gconcach, lorg an galair bhric agus é ar leath shúil. Ní rabh duine ar bith aige ach a bhean. Bhí sé in a gnáthach leis lucht siubhal a choinéal an méid a thiocfadh an bealach sin, le bheith seanchas leobhtha ag fághail amach leagan na tíre.
    Maidín amháin Feíl Eóin arsa seisean le na bhean “Rachaidh mé ar shiubhail go bhfeicfidhe mé leagan na tíre, no tá na preátaí sluastailte agus an mhóin bainte agam, agus nuair a bhí seanchas ag gabháil níl mé ábalta sgéal ar bith a innsé.
    Cá bhfuil tú ag gabháil in do shean laetha agus tú bacach agus ar leath-shúil. Rachaidh mé ar shiubhail maidín imbárach go bhfeicfidhe mé leagan na tíre nó níl fhios agam rud ar bith annseo ach na chnuc.
    D’éirigh Seán maidín lá thar na bhárach, agus thug leis £8 agus a chulaith Dhomhnaigh agus ar shiubhail leis. Shiubhail sé leis go rabh sé ar an t-Srath Bán, agus bhí sé ann an tríomhadh lá. An chéad lá a d’éirigh sé bhí aonach ar an t-Sráth Bán. Thug sé feár do a bheathach agus ghlac sé a bhreicfeasta. Nuair a d’éirigh sé amach caidé bhí ar an t-sráid ach Piobaire. Chuaidh sé fhad leis an Phiobaire agus thug sé scilling dó. D’iarr sé ar an Piobaire a ghabháil isteach leis go mbiodh deoch aca. Nuair a bhí siad istoigh, arsa Seán leis an Piobaire : “níl fhios agam an dtiocfadh liomsa an Piobaireacht a fhoghlamh. “Thiocfadh leat”, arsan Piobaire, agus bhí an Piobaire bacach, brocach, mánta, gconcach, lorg an galair bhric, agus é ar leath shúil.
    Bhí Seán ag gábhail a cheannacht na piobaí, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1792A: The Priest's Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire B. Nic Cuinneagáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seán O Dochartaigh
    Gender
    Male
    Age
    70