School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 124
- XML “Leabaidh Dhiarmada agus Gráinne”
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)draoidheachta do Fionn go rabh siad ar an fhraoich. Cuartuigheadh seisean an cnoc ach ná rabh siad le fághail annsin ach oiread.
- Éadaighe.
Tá dhá thailliúir ins an Parroiste. Oibrigheann siad sa bhaile ach fad o shoin théigheadh siad o áit go h-áit, do réir mar bhíodh gnó dóibh. Is gnátach le táilliúir eadach a bheith sa tigh aige. Eadach siopa anois, agus fad o shoin eadach a figheadh sa’n áit a bíodh acú. Ní chaitheann na daoine cultacha d’ eadach na h-áit.
(Sgéal i dtaoibh táilliúir)
Bhí táilliúir ann aon uair amháin, agus lá amháin nuair a bhí sé ag obair i dteach tháinig bean isteach ar lorg aibhleóige. Thug bean an toighe díthe é. Nuair a d’imthigh sí amach caith an táilliúir aibhleóg ins an bhucóid uisge agus agus cuaidh an ceann a bhí ag an bean as.
Thug sí aibhleóg léithe trí h-uaire. Rinne an tailliúir an cleas céadna agus chuaidh an ceann a bhí léithe as. Nuair a chonnaic sí nach rabh gar díthe ann o’ fhág sí an teach agus gan ceann ar bith léithe.
An fáth a chuir an tailliúir an aibhleóg as urthí bhí fhios aige go maith go dtiocfadh léithe rud éiginteacht a dhéanamh air. Gléiseanna oibre an táilliúra: “Mearacán, Snáth agus Snáthad, Inneal Fuaghala agus an t-iarann Mór Siosúr”.(continues on next page)- Collector
- Irene Nic Aonguis
- Gender
- Female
- Address
- Ballyara, Co. Donegal
- Informant
- Siobhan Bean Mhic Aonguis
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Ballyara, Co. Donegal