School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 123
  3. XML “Dónall Ó Conaill agus na Pingneacha”
  4. XML “Leabaidh Dhiarmada agus Gráinne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thug Domhnall leis é go dtí na theach acht nuair a connaic an fear é dubhairt sé nach rabh rud iongantach ar bith fá’n teach nó bhí an bá thaobh chosamhail le na chéile. Thug Domhnall isteach ‘un toighe annsin é agus bhí an taobh istoigh de scranannaí. Dubhairt an fear gur buachaill an chliste a bhí ann agus thug sé leath-choróin dó, agus dubhairt sé go dtabharfadh sé ceann eile dó an chead uair eile á chasfaidhe air é.
    D’imthigh sé annsin agus chuaidh Domhnall an aithgíorna agus bhí sé roimhe ar an ród. B’éigean do’n fhear bocht leath-choróin eile a thabhairt dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Leabaidh Dhiarmuide agus Gráinne.
    Nuair a bhí Diarmuid agus Gráinne ar a seachnadh bhí siad ar cnoc Cró-na-Rad am amháin. Bhí leabaidh aca i mbotóga. Bhí sean bhean draoidheachta ag Fionn agus d’innsigeadh sí dó gach lá ca rabh siad i bhfolach.
    Bhí Diarmuid cliste go leór dithse fosta nó bhéarfadh se mala gainimhe leis suas na cnuic agus cuireadh sé isteach san uaimh é agus shuidheadh siad air annsin. D’innsigheadh an bhean draoidheachta dó go rabh siad ar an ghainimh. Cuartuigheadh se an tráigh uilig annsin ach ní rabh Diarmuid le fághail aige.
    Mar an gcéadna bhéarfadh se ualach fraoich síos go dhí an tráigh agus shuidheadh siad air. D’innsigeadh an bhean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Ceallacháin
    Gender
    Male
    Address
    Fintragh, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ó Ceallacháin
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Fintragh, Co. Donegal