School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)
- Location:
- Fintragh, Co. Donegal
- Teacher: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fionn-Tráigh
- XML Page 109
- XML “Na Préataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuireann siad préataí ar an fheirm sa bhaile gach bliadhain. Ullmhuighinn m’athair an talamh. Cuirtear leas boithighe agus leathach ar an talamh romhre. Is i n-iomairí a chuirtear síol na bpréataí le spad. Usaideadh céachtaí adhmaid sa cheanntar seo fadó. Ní usaidtear fós iad. Ní dhearnadh iad sa cheanntar acht ceannuigheadh iad uilig.
Bhéarainn siad isteach na préataí as na poill i mí na Márta, agus fágann siad i n-áit té iad go dtig bachlógaí ortha. Annsin ghearrainn siad gach áit a bhfuil síul. Gnídheann siad poll leis an spad agus cuireann siad an pór isteach ann agus cumhdaigheann siad an poll le créafóig. Ní chabhruigheann na comhursannaí le chéile ag cur na bpréatai.
Ar tús romharann siad an talamh agus annsin cuireann siad síol na bpréataí. Chuireann siad leas boithighe agus cré ar a bhárr. Ins an t-Samhradh cuireann siad aith cré ortha agus [sprayail]? tad dhá uair i gcoinnibh an duibh. Baineann siad iad ag deireadh an fhóghmhair agus cuirtear isteach ins na poill iad go dtig mí na Márta. Na h-ainmneacha atá ortha: Kerrs Pinks, Arran Banners, Victors agus Arran Crests. Kerrs Pinks agus Victors an préataí is fearr. Usaideadh préataí fa choinne starch sa cheanntar fadó.(continues on next page)- Collector
- Máighread Ní Laiste
- Gender
- Female
- Address
- Largy, Co. Donegal
- Informant
- Peadar Ó Laiste
- Gender
- Male
- Address
- Largy, Co. Donegal