School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 107
  3. XML “An Drochshaol”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Luigh an droch shaoghal go h-an trom ar an cheanntar seo. Bhí i bhfad níos mó daoine ins an bhaile fad ó shoin mar atá anois. Bhí ocht dtoighthe déag ann fadó agus ó dó go dtí an dó dhéag duine ins an uile teach aca. Anois níl ann ach ceithre toighthe agus níπ ach an trí go dtí an ocht duine ionnta. An cead bliadhain lobhaidh na préataí ins na puill agus ins na toightibh, ach an dara bliadhain lobhaidh siad ag fás. Corr poirín a shabháil cuid de na daoine agus na athtochailt sin a bhí mar síl aca. Níor scapadh na préataí mar scaipfí grainíní síl. Min bhuidhe agus fluigh bruighte le chéile sin an biadh a bhí aca. Bhí pota brigh reannta ar na bochta gach lá i bpáirc na gcaorach.
    Bhí obair le fághail ag duine ar bith a bhí an bhocht ar na bealaigh móra. An tuarastal a bhí siad ag fághail ceithre pighne sa lá. Bhí fir ag obair am amháin agus fuair cuid aca brigh agus mín searbh. Shuidh siad i gcúl claidhe ag ithe agus basgadh iad. Bhí fear amháin nach rabh ag fághail an brigh agus an min. Bhí bheiste muinighealach air agus cuireadh sé lán a dhorn de choirce isteach in a phóca gach maidín. D’íosfadh sé sin ag am dinneara. D’éirigh leisean an t-am olc a chur isteach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamús O' Ceallacháin
    Gender
    Male
    Address
    Fintragh, Co. Donegal
    Informant
    Séamús O' Ceallachain
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Fintragh, Co. Donegal