School: Fionn-Tráigh (roll number 16357)

Location:
Fintragh, Co. Donegal
Teacher:
Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1039, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fionn-Tráigh
  2. XML Page 103
  3. XML “Poll an Dobharchú”
  4. XML “Baile na Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tráthnóna amháin bhí dhá chailín as Chrainn.cheo ag gabhail abhaile ó na Cealla. Bhí acú le dul thar an áit in a rabh an dobharchú in a chomhnuidhe. Shiubhail siad leo gan trup a dheánamh go rabh siad giota maith ar shiubhal ó’n poll.
    Shíl siad go rabh siad thar an chontabhairt agus thoisigh siad ag cainnt le fhéin. Go díreach nuair a bhí siad ag gábhail amach ag Crugoch choinaic siad an dobharchú ag teacht.
    Sgannruigh siad, agus toisigh siad ag sgréachaigh. D’othain athair cailín amháin acú an glór, agus tháinig se, ach ní sé ábalta dadaimh a dheánamh.
    D’iarr sé ar cailín amháin acú a brat a chaitheamh ar an chloich. Rinne sí seo, agus chuaidh an bheirt i bhfolach i gcúl na cloiche. Shíl an dabharchú gurab é an cailín a bhí ann. Bhuail sé an cloch leis an adharc a bhí air, agus thuit sé marbh.
    Ba sin deireadh an dobharchú sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá tobar beannuighte i gCill, agus tá scáthlán an Aifreann ann fosta. Tá roilig ann fosta agus deirtear gur ó sin a baisteadh an t-ainm Cill. Seo sgéal a chualthas ó na daoine timcheall na h-áite.
    Lá amháin bhí mangaire iasg as an Inbhear ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra T. Nic Amhlaidh
    Gender
    Female
    Address
    Largymore, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Mac Cuinneagain
    Gender
    Male
    Age
    59
    Address
    Kill, Co. Donegal