School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 131
  3. XML “Scéal Stairiúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seall maith bliadhanta ó shoin bhí fear ina chomhnuidhe I nDún-na-nGall darbh ainm Aodh Ó’Dómhnaill. Ba é an taoiseach a bhí againn annseo I dTír Chonnaill. Am amháin rinne sé amach go rabh sé comh maith aige caislean úr a dheánadh I nDún-na-nGall.
    Chruinnigh sé cuid mhór saoirthí leis an chaislean a dheánadh, agus thosuigh siad. An obair a rinne siad an chead lá bhí sé as amharc an an lá-thar-na-mharach arís. Thosuigh siad cupla uair eile ach ní rabh gar ann, ní rabh lorg a gcuid oibre le feiceal a chaidhche an darna lá agus mar sin ba leur do Aodh go rabh rud eighinteacht contrailte.
    Bhí sé fhéin amhuigh ag siubhal lá amháin ar bhruach Loch Iasg. Tchí sé fear a’ tairraing air aniar ar an clochain. Bheannuigh é do Ó’Dómhnaill agus seo ar rud a dubhairt sé leis, “Ó’Domhnaill,” ars sé, “tá tú I dtrioblaid inntine cionnas nar “féidir leat faghail ar aghaidh le do chaislean. Ach seo an chómhair le atá agam-se le tabhairt duit. Tar annseo amhárach I dtráthaibh an ama seo agus tchídhfidh tú a’ tarraing ort trúir fear. Na cuir thusa faillte ar bith roimhe duine aca thar an duine eile or ma gníd ní bhfuigh tú eolas ar bith uatha. Seo an fáillte a chuirfeas tú rompú, Coisceim fuar ar feur ghlas, Coisceim eadthrom ar sioc, Coisceim corrach ar clochan, sé bhur mbeatha I n-einfheacht.”
    Thug Aodh Ó’Domhnaill buidheachas do agus d’fhág sé slán aige. An tráthnóna ina dhiaidh sin bhí sé amhuigh ins an áit cheadhna agus níor bhfada bhí sé ann go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Hugh Roe O'Donnell (~5)
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Prionsus A Gallchobhair
    Gender
    Male
    Address
    Dúbinn, Co. Donegal