School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 120
  3. XML “Scéal Chamach na Luatha Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann agus má’s fada a bhí, bhí fear saidhbir ‘na chómhnuidhe sa tír seo agus ní rabh aige ach nighean amháin nuair a fuair a bhean bás. Cailín maith cneasta, mácanta a bhí inntí, ní rabh lá ar bith nach rachfadh sí go h-uaigh a mathair go n-abrochadh sí a h-urnaighe agus go gcaoinfeadh sí a sáith. Le teacht an Gheimhridh chumhdaigh an sneachta an uaigh ach le teacht an Earraigh d’imthigh an sneachta agus d’fhás neóiníní ‘san áit. Le teacht an tSamhraidh phós an fear saidhbhir baintreabhach mná a rabh beirt nighean aicí agus thug ‘na bhaile iad. Níor bhfada go dteachaidh an leas-mhathair a chaitheamh an droch-cheann leis an dílleachta. Bhain sí duithe an t-eadach maith a bhí uirthí agus chuir sean-eadach uirthí ‘na áit. An méid dá obair a bhí le deánamh fá’n áit is í a chaitheamh a dheánamh. Ní rabh leabaidh le luighe uirthí ach sínte cois na teinneadh agus ní rabh de ainm aca uirthí acht chamach na luagh buidhe.
    Lá amháin bhí a h-athair ag dul ‘un aonaigh agus chuir sé ceist ar na leas-nigheanach caidé na rudaí deasa a bheirfeadh sé chuca ó’n aonach. Bean aca a d’iarr gúna agus d’iarr a bhean eile hata agus bróga, “Agus caidé béas liom chugat-sa le mo nighean fhéin" ar seisean.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish