School: Cruach (roll number 15931)

Location:
Croagh, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Duibhir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 101

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1038, Page 101

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cruach
  2. XML Page 101
  3. XML “Comhairle an Duine Aosta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear a bhí ann go rabh cráthán de mhaoin a' t-saoghal aige. Bhí taobh tíre de thalamh aige, foirgneamh bréagh toighteach agus sparán fada airgid.
    Tharraing sé ar bhean agus chuaidh sé i gcionn an t-saoghail mar rinne go leor diomaite de.
    Nuair a bhí triúr mac aca fuair a bhean bás agus fágadh é fhéin agus na dílleachtaí fá'n mhuineál ar a chéile.
    D'fhan sé 'ná mbun ar fad agus d'oibir sé go fíor daobhtha go rabh achan fear de'n triúr i n-innimh is a dhéanamh do fhéin. Annsin d'oibir siad-san go fíor dó-san agus a d'oibir seisean daobhtha.
    Bhí an sean-duine bocht anois ag éirghe aosta agus cos amuigh agus cos istoigh 'san uaigh aige.
    Dár leis na mic go rabh an t-am ag an athair tiomsa a dhéanamh, agus cibé a bhí daighthe do achan duine aca a thabhairt daobhtha agus cead a bheith aca a gconnlán fhéin. Rinne siad amach a gháil fhad leis an athair agus an cheist a chuir 'na lathair. Chuaidh siad fhad leis an athair agus d'innis siad an sgéal dó.
    "Shílfeá," arsa'n t-athair, "gur mhaith libh sgabadh."
    "Ba mhaith le achan fear againn," arsa siad-san "a gabhail ar a chonnlán fhéin".
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Prionsus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    20
    Address
    Dúbinn, Co. Donegal