School: Meenacahan (roll number 6063)
- Location:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Teacher: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Meenacahan
- XML Page 286
- XML “Seaghan Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seaghan Bán. Bhí ganntanas món fríd an tir an t-am seo agus díol Seaghan an bó dheireannach le biad a fhagháil do a bhean gus agus a clann. Bhí maidín amháin uair a bhí an phighinn dheireannach caithce agus bhí Seaghan bocht trom-croidtheach ag smaointié ar an ocras a bhí ag teacht agus ar Mháire agus ar na páisdí. Ní thiochfadh lus fanacht san teach agus chuaidh sé suas go dtí an tulach agus thoisigh sé ag caoineadh. “Caidé a tá cearr leath a Séain Bháin” arsan glór coimhtigheach ag a thaobh”. Bhí Séan náirighe ar fad ach b’éigin do a a trioblóid a innsint amach. Nuair a d’amarc Séan suas chonnaic sé fear greannmhar ag a taobh. “Tá mé bean a’s mo chlann” arsa Séan ar an anás agus níl oiread as bó in mo bhoitheach le deor bainne a tabhairbh dobhtha”. “Car mhaith liom an leitheadh de buadhartha a theacht treasna ar mhac do athara no eisean a bhí in a cheann mhaith damhsa an lá a mhair sé. Gabh arais go dtí do bhoitheach a Shéain agus geobaidh tú bó ann. Tabhair aire maith dithe agus ní bheidh tú fhéin no do churam gan bainne fad as a tá sé ar igín agat”. Arsa fear beag agus shiubhal leis. D’éirigh Séan agus iongantas an domhain agus síos leis go dtí an toighe agus isteach san boitheach agus caide a tcí sé ar an bhó a ba deise dar chaith sé a dha shúil ariamh air(continues on next page)