School: Meenacahan (roll number 6063)

Location:
Meenacahan, Co. Donegal
Teacher:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meenacahan
  2. XML Page 283
  3. XML “An Gréasaí Bróg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buacaill ann agus pósadh é ar nighean Gréusaidhe bróg agus nuair a théigheadh sé go teach na brídheóige bhí abhainn aige le dul trasna ag tarraingt ar an toigh agus bheirfeadh sé léim i dtolam trasna na h-abanna nuair a bheadh sé ag teacht abháile caitfidh sé siubhal fríd an abhainn. Oidhche amháin bhí na comharsanaigh uilig ag cuartaidheocht in a theach agus bhí baicle fir ag suidhe thart f’an teinidh. Arsa fear acu leis an fhear “Caidhé an sgéal duitse go dtugann tú léim tiar an abhainn nuair a théigheas tú a d’amharc ar do bhean agus go siubhalann tú fríd an abhainn nuair a bhíos tú ag teacht abháile?”. “Bal innseochaid sin duith. Ní fhaghainn leat mé sháith le h-ithe ann. Nuair a bhíos an table réidh le suidhe aige ní bhíonn dá greim ithte again go n-abrann fear a’ toighe
    “Tá mé féin suas a”
    “Tá do bunadh suas a”
    “Éirigh cailín an toighe agus réidhtigh an tabla”. “Bal tá mise comh lag agus nach bfuilim abálta léim thar an abhainn”. Caidé a bheirfeá damhsa arsa fear de na fir léigheasfainn sin duith”. Dheanfaidh mé péire maith bróg agus pronnfaidh mé ort iad”. “Tá mé sasta sin a ghlachadh uaith agus cuirfidh mé gléas ort go bhfuighidh tú dó shaith le h-ithe. Gléas sé agus cuir sé air culaith bratógach ar agus sé an t-ainm a bhí ar athair na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish