School: Meenacahan (roll number 6063)

Location:
Meenacahan, Co. Donegal
Teacher:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 282

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 282

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meenacahan
  2. XML Page 282
  3. XML “An tIolar agus an Leanbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí meitheal ag abhailt féir aon lá amhain. Lá breagh gréine a bhí ann. Bhí bean pósta amuigh fosta agus thug sí an leanbh óg amach go dtí an phairc leithe. Bhí an leanbh sochruighthe go deas i ngranóg fhéir faoi sgath na gcrann. I geaiteamh an lá amach tháinig fiolar agus sgiob sé leis an leanbh. D’éirigh an fiolar in airde ins an spéir gur tuirling sé an carraig i mbarr na n-aille. Bhí sgannradh an domhain ar na daoine. Bhí na mná ag caoineadh agus bhí na fir ag iarraid do chur cun suaimhris. Connaic siad an fhiolar ar bharr na h-aille ac ní tiocfadh leo dul suas. Bhí an aille comh díreach deacrach sin. D’éirigh máthair an leinbh agus thoisigh sí ag scnapadaighe suas in eadán na h-aille. Gearradh a cosa agus a lamha ach níor mhothuigh sí aon phian lean leithe agus na daoine go dtuithfidh sí aon bomaite. Bhain sí barr na h-aille amach agus fuair an nead a bhí in fiolar ann. Fuair sí an leanbh go bréagh beo agus é ag gáire leis fhéin go sásta. Cheangal é an leanbh in a n-aprún agus níor stad sí gur fag sí in an talamh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Ní Chíonaoith
    Gender
    Female
    Address
    Meenybraddan, Co. Donegal