School: Meenacahan (roll number 6063)

Location:
Meenacahan, Co. Donegal
Teacher:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meenacahan
  2. XML Page 272
  3. XML “Seaghan Mac Goldrick”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé ceithre sgor bliadhain nó níos mó ó bhí Seaghan Mac Goldrick in a shagart paróiste ins an Pharóiste a bhfuil muid in ár gcomnuidhe ann. Oidhce amháin Foghmháir tháinig teachtaire fa na coinne ag iarraidh air dul cuig duine tinn a bhí in a chomhnuidhe in abainn Ruaidh ar chúl Cnuic na Beinne Boghaine.
    Mar ba ghnathach leis chuaidh sé ag marcaidheacht an chapall donn a bhí aige ar feadh níos mó na sgór bhliadhain. Bhí sé fhéin agus an capall ag iarraid gear shean. Nuair a fuair sé fadh leis an abhainn Ruaidh agus nuair a thug sé a beannacht do’n duine tinn phill sé arais le dhul abhaile. Bhí sé annsin indiaidh an meadhon-oidhche Oidhche reabh ghealaighe a bhí ann. Thiocfadh leis bother Bheinn Boghaine fheiceáil ag síneadh roimhe. Bhí sé ag radh a paidhre nuair a stad an capall agus í sgannruighthe.
    D’amharc sé roimhe go bhfeiceadh sé caidé a bhí cearr agus chonnaic sé o cheann an chapaill fhad as a thiocfadh leis a fheiceail mílte de daoine beaga agus achan daoine ag marcuidheacht ar capall. Coisrioc an sagart é fhéin agus tug seo uchtac do agus arsa seisean leis na daoine beaga “In ainm Dé caidé a tá cur buadhartha oraibh”. Labair duine amhain acu agus dubhairt sé, “A shagart dílis tá muid mílte bliadhaintaibh ag spaisteóracht an t-saoghal seo anois agus béidh muid milte eile ann agus an t-am sin uilig tá cust amhain ag cur buadhartha ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish