School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 96

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 96

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 96
  3. XML “Is Deise Cabhair Dé ná an Doras”
  4. XML “An Chéad Rós Dhearg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sprid gléigeal amháin foinnse fhíor-uisge fhionn-fhuair as an talamh, agus thart fán tobar seo, d’fhág na h-aingle eile bláthanna, agus chrainn móra cróchta le tortha, le cothughadh a fhághail ag An Teaghlach Beannuighthe.
    Nuair a mhusgail Íosap agus na mná, chualaidh siad céileabhar na n-éan, agus chuir a’c’an rud aoibhneas agus áthas ar a gcroidhe.
    Bhí togha gach bidh agus rogha gach dighe aca ins an bhfásach in nach raibh dadaidh acht ganntanas agus díoghbháil, nuair a thainic an néal codlatha ortha.
    Ghuidh siad go binn leis an Athair Síorraidte, ag tabhairt buidheachais Dó, agus ag ádhradh an Chruthuightheóra A thug suaimhneas agus sógh daobhtha ar son a gcuid maitheasa do’n cailín bhócht a bhí ag fágháil bháis i bhfad ó na cáirdibh”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair a bhí ar dtighearna in-a leanbh, bhí sé amuigh ans an gháirdín in aice an toighe, agus é ag baint sólas as na bláthaibh a bhí ann.
    Ag taoibh an bhalla, bhí tom de rósaibh geala, agus tharraing Íosa ceann aca seo Chuige. Acht faraoir! Bhí dealg ghéar faoin rós, agus pholl sé méar An Leinbh Naomhtha.
    Thosaigh a fhuil ag sileadh ó'n mhéir agus thuit na deóra fola ar an rós bháin. Thainic luisne ins an bhláth, agus ba í sin an chéad rós dhearg a d'fhás ariamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    S. Bean Uí Dhochartaigh
    Informant
    Pádraig Ó Ceallacháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male