School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 95

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 95

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 95
  3. XML “Is Deise Cabhair Dé ná an Doras”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí an Teaglach Naomtha ar teicheadh ins an Éigipt chuaidh siad ar seáchran ins an bhfásach, agus ar an naomhadh lá ní raibh aca acht buillibhín amháin eórnach agus braon beag fíor uisge.
    Ar gach taobh, chá rabh dadaidh le féiceal acht tonnaí gainimhe ‘a síabadh leis an ghaoith, ag dalladh a súil agus ag druideadh suas an uile chasán ‘san áit.
    I gcionn tamaill, bhí Íosap bocht sáruighthe amach le h-ocras agus le tuirse. Luigh sé síos go brónach, acht thug Muire uchtach dó, ag iarraidh air dóchas a chuir in Dhia.
    Bhí an Naoidhennán ‘n A Chodlash go suaimhneach I gcliabh bheag ar dhruim an asáil.
    Ag meabhrúghadh léo, chualaidh Muire agus Íosap ósna throm, truaighmhéileach, ingár do’n áit in a raibh siad in a suidhe. Chuartaigh an Mhaighdean thart, agus indeireadh na dála, chonnaic sí cailín ‘na luighe ‘sa’ ghainimh, agus dreach an bháis ar a h-aghaidh – a lámha ar críth, a béal fosgáilte agus í ins na sméitheannai’ deireannacha le h-ocras agus tart.
    Le truaigh díthe roinn Muire an méid bidh agus dighe a bhí aici leithe, agus ní raibh sí ibhfad go raibh sí in innibh labhairt leóbhtha. Ba í a bhí buidheach! agus líon a croidhe le lúghthair nuair a thainic sí slán as géill an bháis.
    I gcúineas na h-oidhche sin, nuair a bhí siad uilig ‘na gcodladh, thainic sluagh áingeal as na Flaitheas, agus le ceól na gcláirseach agus filidheacht neimhe mhol siad An Báb Naomhta. Annsin tharraing
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    S. Bean Uí Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ó Ceallacháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male