School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 94
- XML “An Duán Alla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is annamh a chluintear focal maith ar an dubhán-álla, acht tá daoine ann nach mbainfeadh leis, agus 'seo síos sgéal beag, ag innse an fátha.:Nuair a bhí Muire agus Íosaf agus An Naoidheanán ag triall go h-Eigipt, agus saighdiúirí Faróid ar tóraidheacht 'na ndiaidh tháinic siad fhad le crann in-a raibh cuas mór, agus chuaidh siad i bhfólach ins an pholl seo.Tharla go rabh dúbhán-álla istoigh ins an chrann agus thug sé fa deár an contabhairt in a raibh an Teaghlach Naomhtha.Le greadadh na mbos d'fhigh sé gréasán trasna an chuais, agus bhí sé críochnuighthe aige nuair a thainic na saighdiúirí ar aghaidh."B'fheidir go bhfuil siad ins an chrann seo," arsa fear de na saighdiúirí."Och," arsa laoch eile, "ní thiocfadh leóbhtha 'bheith annseo, Amharc ar na gréasáin dúbháin-álla!"D'imthigh na saighdiúirí, agus thainic An Teaghlach Beannuighthe slán amach as an ghuais in a rabh siad, ag tabhairt buidheachais do' mhíoltóig a thug an congnamh Dóibh, nuair a bhí Siad i gcontabhairt báis."
- Collector
- Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Cheallacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70