School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 88

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 88

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 88
  3. XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Ifreann”
  4. XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Neamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. “Tugaighidh orraibh go teach na bpían-sin áit ‘nach bhfuil biadh ná éadach.
    Sin áit ‘nach bhfuil grásta Dé, sin áit ‘nach bhfuil páirt le cheile,
    Sin áit ‘a bhfuil an gearradh agus an ceusadh,
    Mar bhéidheadh conairt a dul ingorta agus in-eugchruth,
    Béidh an dream sin da bhplúchadh I mbréuntas,
    Fhad a’s bhéidheas Dia ‘nA Dhia béidh siad da bpíanadh,
    Agus déarfaidh gach neách ar olc leis, an bréitheamhnas-
    “O, a Dhia! Cad tuigh’ ar chuir Tú ar an t-saghal ariamh mé”?
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Nuala Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    87
  2. Chan é sin do’n dream a gheobhthas buaidh ar naomhthacht,
    Rachaidh siad suas ar an uair chéadna,
    I gcuideachta An Uain, ó chúirt an t-sléibhe,
    ‘Na bhFlaitheas a gheobhaidh siad ar son a ndéigh-ghníomh.
    Béidh Naoimh agus Ainglidhe ag canamhain le chéile
    Ceólta binne d’a seinim ar théadaibh
    Níl maighdean ghlan a fhanachas gan chéile,
    Nach mbéidh séula ar leith gan cheilt ar a h-éadan,
    Ceánnaighidh oraibh go duithche An Dé-mhic,
    Is ann ‘nach bhfuil an gearradh agus an ceusadh,
    Is ann ‘nach bhfuil dúiltadh roimh éinneach.
    Is ann do dhúithche ‘tá ceart gan éagchóir
    Saidhbhreas gan daibhreas ag gach aon ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.