School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 85

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 85

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 85
  3. XML “Na Ceithre Críocha Déanacha - Bás”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. A dhuine bhocht, smuainigh ar do chríochaibh déidheannacha,
    Ná caith do shaoghal le baois nó le bréig,
    Má tá tú lán sláinte, áille agus sgéimhe,
    Má síleann tú gur b’aoibhinn, cuimhnigh gur baoghalach,
    Smuainigh gur de’n chré tá tú deánta,
    Agus nuair a éugfas tú, gur chré dhuit a dheánfar.
    Cé gur mór do chuid óir agus éifeachta,
    Do mhaith, do shiopaidhe, do chapaill, do chaoraigh,
    D’eachraid, do chóisde, do chótaidhe daora,
    Do leápthacha árda, do bhráithlinneacha gleígeala,
    Do shíoda ag cur gné ar do chuid éadaigh.
    Do chócaire a’ toithruighadh gach méise dhuith;
    ‘Un rinne, ‘un damhsa, agus ‘un pléisiúra;
    Is maith sin go dtí an lá a shíntear ‘san chré thú,
    Acht béidh sé, an lá sin, ‘na sgáile gan eifeacht,
    Do mhuinntir, bhéarfaidh siad cúl go léir dhuit,
    An uair sin a fhúighthear ‘san chré thú.
    Nuair a dhúnfar ‘san uaigh thú, nach truaigh thusa
    An uaigh dhubh, agus ualach de’n chré ort?
    Béidh tú a’ fuaradh in do ghuailneachaibh agus in do gheugaibh,
    An fhuilt gruaige bhí anuas ort ‘na phéarlaibh,
    Béidh sí cuachta fa do ghuailneachaibh gan réidhtheach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Nuala Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    87