School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Íoa ar sheachnadh roimh a náimhdibh, shiubhal sé fhéin agus A chuid deisciobal fríd páirc, an áit a raibh fear ag cur cruithneachta. D'iarr na deisciobail ar an fhear seo, dá mbeadh duine ar bith a'A chuartughadh, innse daobhtha go deachaidh Íosa fríd an pháirc an lá a bhí sé ag cur na cruithneachta, agus nach deachaidh Sé an bealach sin ó shoin.
Lá ar na bhárach, chuaidh an fear céadna ag amharc ar an pháirc go bhfeiceadh sé a dteárn na heunlaith dochar ar bith do'n síol. Bhí iongantas an dómhain air, nuair a chonnaic sé go raibh an barr apaidh, agus é réidh le 'ná bhaint.
Chruinnigh an feirmeóir meitheal mór, agus thoisigh siad ag obair go dian, ag baint na cruithneachta agus d'á chur in a cruacha.
Tháinig na spídeóirí ar lorg Íosa, agus d'fhiafruigh siad de'n fhear an bhfaca sé ar Slánuightheóir ag dul an bealach sin. Dubhairt seisean go dteachaidh Sé thart an lá a bhí 'a chur a chruithneachta.
Bhí cíaróg ag na cosaibh ag éisteacht leis an chómhrádh agus thug sé freágair dhá rádh, "Sin indé! indé!" le fios a thabhairt dóibh go dteachaidh ar dTighearna thart an lá roimhe sin.
Thóg an feirmeóir a chos agus bhrúigh sé an chíaróg 'sa talamh. I gcionn tamaill bhig, chuir an dardaol a cheann suas, ag sgáirtigh, "Géar! géar! géar!! - an dóigh go mbeadh fhios ag na spídeóiribh go bhfuigheadh siad greim ar Íosa, dá dtéigheadh siad go tapaidh.
"Och! och! och! mo chreach oraibh uilig," arsa'n cíarlamán, agus(continues on next page)- Collector
- Siubhán Bean Uí Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Ceallacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male