School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 78

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 78

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 78
  3. XML “Diarmaid Mac na Baintrí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thart arais. D’imthigh Diarmuid gur shríoc sé cnoch a Dúin an áir a rabh áit bruidhean shíogaidhe. Bhí doras na bruidre fosgalact agus anáit folamh. Chuaidh sé isteach agus sheasuigh sé i gcúl na cómhlach. Níor bhfada go d’tainig an sluagh isteach agus go deacaidh siad a dh’aithris a gcuid tréithe.
    “Bliadhain agus anocht” arsa duine aca, “a ghoid Diarmuid nighean Rí Cúige Laighin”.
    “Is beag a bhí ar a shon sin aige” arsa bean eile aca. “O ta sí bodhar balbh gan láthair o lá sin go dtí an lá indiú”.
    “Ca mbhiodh sí mar sin” arsa duine eile aca. “Dá dtarrneóchadh biorán (bairn) suain atá sáite in a folt i gcúl a cinn agus a chaitheadh sa teinidh. Bhéadh sí comh maith is bhí ariamh”. Níor éist Diarmuid leis an dara fhocal, bhí léim un doras aige agus an sluaigh síos sa tóir na dhiaidh. Bhí abhainn gul fríd an ghleann ag bun Cnuic-An-Dúin agus nuair a thainig sé go dtí an abhainn léim sé (se) amach san uisce agus shiubhal se trasna agus ní rabh cead ag na sluaigh sidhe ghabhail ní b’fuide.
    Bhain Diarmuid a baile amach. Tharraing sé an biorán suain as gruaig an cháilín agus chaith sa teinid é. Dhéirigh an cáilín slán follámh mar bhí sí araimh. Scríobh sí leitir abhaile chuige a h-athair agus d’innis do caidé mar bhí.
    Chuir ahathair coisde ceithre eachraidh amach fa choinne [diamid?] agus thug fad le na gchúirt féin iad. Pósad an lám amaic agus bhí bhainas mór aca mhair seacht lá agus seacht n-oidhce agus b’fearr an lá deireannach na an cuid eile uilig. Bhí mise ag an bhainis mar duine agus nuair a bhí an deireadh thart thug muid uilig an n-aghaid ara baile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Micheal Ó Máirtín
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Druminnin, Co. Donegal
    Informant
    Máire A. Ní Mháirtín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    Druminnin, Co. Donegal