School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 6F

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 6F

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 6F
  3. XML “Scéilíní”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (1) Fear siubhal a bhuail isteach lá nuair a bhí bean an tioghe ag nighe na “Is truagh nach rabh tú annseo níos luaithe. Tá an dinneár go direach thar soitheach. “Ní rabh a’n dhuine mall i dteach maith ariamh”, arsa seisean agus tugadh a cuid do annsin.
    (2) Fear ceirde a rabh a ghraithe deanta aige i dteach. Bhí an dinnear da dheánamh réidh aca ach bhfada leis fanacht mar bhí obair eile ag feitheamh air i dteach éighinteacht sa bhaile ba chomhgaraighe dó agus shíl sé go mbeadh sé [?] an fá choinne an dinneára ann. Cibé mar tharla nuair a shroich sé an darna teach bhí an dinneár thart agus ní rabh cuma air go rabh sé ag gabhail a fhaghail a dhath le hithe.
    Níor dhubhairt sé dadaidh ach d’fhág a chuid airléis ar an urlár agus chuaidh [aniahé?] arais an Bealach a dtainic sé agus é ag currtú. Chuaidh fear an toighe amach na dhiaidh agus chuir ceist ar goidé chaill sé. “Tá chaill mé mo dhinnear eadar an dá theach” Fuair sé a dhinneár annsin.
    (3) “Ní salachar sop” mar dubhairt an bhean nuair fuair sé an súgán droma ins an phóta brachán. (Nóra Ní Sléibhín a Chnuasaigh)
    (4) Rud nár mhaith le duine bheith aige agus nár mhaith leis a chailleadh. (blagad) (Nóra Ní Sléibhin a Chnuasaigh)
    (5) Bhí cáilín ar fasta ag an tSagart Mór Ó’Domhnaill agus ní rabh mórán graoi = [g?] uirthe. Bhíodh Máire Phádaí ag géilleadh air cionnus é bheith ag coinneal a leitheid de cháilín míofur.
    “Nach bhfuil sé comh deas as rinne Dia í”, deireadh an sagart mór.
    “Maise d’fhéad sé boc eile thabhairt duithe” arsa seise.
    (Fuair mé 1, 2, 3, ó mo mhathair Nuala Ní Dochartaigh, 87, An Cruithe, Ceann Caslach)
    (Fuair Nóra Ní Sléibhín 3, 4, ó Micheal Ó Tomais, 64, Eadar Gabhail, Loch Iasc)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish