School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 68

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 68

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 68
  3. XML “Agus Tuilleadh dá mBíodh sé agam”
  4. XML “Ag Toghadh Mná”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ní rabh sé ag faghail bhisigh agus chruinnigh na comarsain isteach. Cuireadh fios ar an doctúir agus ar an tsagart ach sé an Deilín ceadna bhí aige i dtolamh. “A dhá oiread dá mbíodh sé agam”.
    Sa deireadh chonnaictheas nach rabh biseach i ndán dó agus cuireadh fa choinne fear dlighe le tiomna a dheanamh.
    Nuair a cuireadh ceist air an bhfágfadh sé a chuid ollmhaithis uilig ag na mhraoi sé dubhairt sé, “agus a dhá oiread dá mbíod sé agam”.
    Sin a dtiocfadh leobtha deanamh de agus fuair sé bás ag síor-radh na bhfocla sin.
    Fuair a bean iomlán a cuidh saidhbhris.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bí Séamaidh O h Eireain na chomnuidhe ar an bhaile seo i bhfad ó shoin. Ní rabh sa teach ac é féin agus a mháthair agus mar bhí sise ag éirig ró aosta le graithe an toighe a choimheadh feasta. Sé an rud a leag siad amach gurbh fhearr dhó bean a thabhairt isteach roimh an inid. Ach cá bhfuighfidhe bean a d’fhóirfeadh, bean a béadh cinealta, foighdeach leis an tseanbhean agus nach bhéadh caithmheach?
    Bean stuamdha á bhí sa mhathair agus sé an rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    40
    Informant
    Seán Ó Craimsigh
    Gender
    Male
    Informant
    Siubhan Ní Dhochartaigh
    Gender
    Female
    Age
    40