School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt dhearbhrathair, Peadar O’Curráin agus Féidhlimid O’Curráin na gcomhnuide i Machaire Galthain i ba leobtha an duthaigh seó uilig. Bhí cuid mhór coirce ag Peadar. Ins an Fógmhair toisig Feidhlimid gha ghoid cuid coirce Pheadair.
Chuaidh Peadar i bhfolac ins an choirce oidhche amháin agus rug sé ar a dhearbhrathair agus bhain sé an ceann de. Chaith sé an ceann suas ar bharr a scathlán agus nuair a bhí an sagart ag léigheadh an Aifrinn thuit na deóra fola anuas ar an leabhar. Bhí fhios aige an coir a rinne an fear eile agus sé an breitheamhnas a chuir sé air roilig a chur thart ar an scáthlán i bhfuira cónrach i droichead a chur ar abainn a chladaigh.
Rinne sé in dá rud seo agus lá amhain bhí sé ag teacht anuas as droichead a cladaigh casadh air ceann bó. Thug sé cic do ceann na bó agus léim fear beag ribeach ruadh as. Thug Peadar na bhaile é agus d’fhán sé aige trí bliadna. Rit an ama sin ni thearn sé acht trí gháire(ad) i budh gnathach leis a chuid ama a chaitheamh ar fad ag gearrad cípíní.
Oidhche Shamhna thainig scaifte fear beag baoideach isteach ar an doras agus rit siad suas an simlear. Nuair a bhí an fear deiridh ag(continues on next page)- Collector
- Seosamh Dunlop
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Currain
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal