School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 58

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 58

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 58
  3. XML “Faire an Bhacaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bacach a gabhail thart fán áit seo fad ó shoin ar shiubhal ó dhoras go doras ag iarraidh na déirc agus ag guidheachthaigh. Bhí sé oidhche amháin ag bainth faoi i dteach a chomhair baile annseo. I drátha an meadhonn oidhche bhuail tolgán tinnis é agus le bodhranach ag lae stuic sé.
    Bhí mo dhuine bocht cam chrupta casta. D’fhág anróg is ampladh as iomchar a mhála mar sin é.
    Níor bhféidir a chur i gcomhnair gan a crámha a dhíruighadh. Shín siad ar tábla é agus theann siadh anuas le gadacha caola, cruaidhe cnáibe é.
    Ag gabhail ó sholus do an oidhche thar na (im)bhárach bhí siad cruinne as achan cearn’na faire. Bhí fhios gur corpán gan crothnughadh a bhí ann. Líon siad isteach ó chúl an dorais godtí nach bfuightheac thart ann le daoine.
    Thoisigh an cleasuidheacht. Chur siad tús le “Díol an choirce”. Rinne siad “Thart a bhróg”. Annsin “Tarraing siad an bhata”. Rinne siad “marcuidheacht na láire báine” “cleas a ghé cleas a cocháin” “cleas na scine” agus “cleas na pigne”. Thosuigh siad ar an. “Dallóig” annsin agus ins an deireadh thosuigh an choruidheacht.
    Níor bhfada go rabh an teach ar aon gáir amháin agus ní chluinfea a dhath ar do chluasa acht gleó daoine. Bhí cuilceach greannmhar amháin ‘na shuidhe ag taobh an tábla agus é ag gearradh píopa tobaca. Chuir sé siar a láimh go for-mhothuighthe agus ghearr sé an gad a bhí trasna ar ucht an mharbhanaigh. Phreab an marbanach suas na shuidhe ar an tábla.
    Sin an áit a rabh an teangbhail. An chuid a ba gaiste
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Míchéal Ó' Máirtín
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Druminnin, Co. Donegal
    Informant
    Máire A Ní Mháirtín
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    40