School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí in Éireinn abhfad ó shoin darb ainm Conall Gulban agus ba leis an tír seo uilig. Bí beirt mhac aige Conaill agus Eoghan. Bhí na mic seo iontach tugtha de chleasaidheacht. Bhíodh siad amuigh ag seilg agus gach cathamh aimsire eileLá amhain da rabh siad amuigh ag cleasaidheacht dubhairt a n-athair leo cibé aca is fuide siad a chaitheadh an chloch gurb eisean a gheobahd an ceanntar seo a bhfuilimid ann.Chaith Eoghan an chloch ar tús agus thainig sí anuas ar Árd Aoibhinn- tá sí le feiceal annsin go fóil. Chaith Conall annsin agus chuir seisean a chloch san níos fuide siar - tá sí le feiceal ar bhruach Locha Iascaigh. Mar sin de bhain Conall an geall agus fuair sé an Chríoch seo agus sin an fath go bhfuil an tainim "Tír Chonaill" ar an Chondae seo agus Cineal Conall" ar an Scoil seo. Seo an Ceanntar in ar shocruigh "Cineal" no "muintir" Conaill ar tús.Le cruthú ar seo tá "Cruach Conallach" ar an taoibh thuaidh de Bearnus Mór agus "Cruach Eoghan ach" ar an taoibh theas de.Tógadh Conall Gulban suas in aice Beann Bulbán agus sin fáth go bhfuair sé an t ainim "Gulban".*****************************Máire Ní Mháirtín a scríob síos, a dearbhrathair. Sean O'Mháirtín, Garbach, 18 bliadhna a d'innis.18 Iúl, 1935
- Collector
- Máire Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Mháirtín
- Gender
- Male
- Age
- 18
- Address
- Garvagh, Co. Donegal