School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair thainig G.beag abhaile d’fiafruig G. Mór dó cé’n áit a bhfuair se an tairgead. Dubhairt sé go bhfuair sé ar chroicean na bó é.
Dá marbhuigheann sa mo bhó an bhfuiginn an oiread sin airgid air. “Gheobhtha go direac” arsa g. beag. D’imtig g.Mór annsin agus mharbhuigh sé a bhó agus d’imthigh sé na bhaile mhór leis an chroicean a déol. Dubhairt g. Beag annsin de na mháthair go muirfeadh g.mór eisean nuair thiocfaid sé abhaile “Bal” arsan matair “luigh thusa in mo leabaidh sa agus luighfidh mise an do leabaidh sa”. Luigh g. Beag i leabaidh a mhathara agus luigh sise in a leabaidh san.
Nuair thainig g.mór abhaile mharbhuigh sé máthair g.beag. D’imthigh g.beag annsin agus a mhathair leis ar a dhruim. Nuair bhí sé ag teacht comhgarach d’en bhaile mhór. Bí tobar uisge annsin. Chuir sé a mhathair na seasamh ar dá bhata agus chuaidh sé isteach go teach ólachain annsin. D’iarr sé dhá leath ceann. D’iarr sé ar cháilín ar toighe adul agus iarraidh ar a mháthair teacht isteach. “Tá sí bodhar” arsa sheisean, “Mur gcraithfidh tú í ní chluinfidh sí thú. Thoisig an cáilín ag cráthadh na sean(ir) mhrá agus thuit sí isteach san tobar. Thóg g.beag an gáir go rabh a mháthair báidhte aicí. Thug an cailín cuid mhór airgid do annsin gan a innse.
Chuaid sé abhaile annsin agus arsa seisean le g.Mór, “Shíl tú gur mhóran chaill orm mo mhathair a mharbhadh ach amhare an méad airgid a fuair mise”. “Dá mhabhonn sa mo mhathair an bhfuighinn an rud céadna” “gheobhtha go óireac”, arsa g.beag. “Ta airgead go leór le fághail annsin indiu ar chailligh fáchoinne púdar gunna”. Mharbhuigh g.mór a mháthair annsin. Chuaidh sé síos agus suas an tsráid ag sgairtigh. “Cé h-é(continues on next page)- Collector
- Róisín Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Address
- Druminnin, Co. Donegal
- Informant
- Máire A. Ní Mhaírtín
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 40
- Address
- Druminnin, Co. Donegal