School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 39
- XML “An Bheirt Ghadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I bhfadó shoin bhí Éireannach ag obair ins an taobh ó chúl Aimeorca agus d’éirigh sé tinn. Thainig an doctúir chuige agus dubhairt sé leis go rabh an bás aige. Chuir an doctuir ceist air rabh moran airgid aige, dubhairt an t-Éireannach leis go rabh an oiread seo aige.
“Bhal” ars an doctúir”, fhág an leath agam”, ars seisean, “ar mhaith leat an sagart teacht chugat sul a bhfuighthea bás”. Dubhairt an t-Éireannach leis gur mhaith. Thainig an sagairt agus tug sé faoiside agus comaoineacha dó, “anois” arsa an sagairt, “bhfuil moran airgid leat”. “Ta”, arsa an t-Éireannach, “an oiread seo céadtaí”. “Bal” arsa an sagart, “fág an leat agamsa”. “Maith go leor”, arsa an t-Éireannach. “Anois bhfuil duine ar bith de do mhuintir beó in Éirinn, “ta” arsa an t-Éireannach, mo sheanmhathair. “Agus” arsa an sagart leis, “ar maith leat mé a scríobhadh chuice agus innisint duithe caide an dóigh a bhfuair tú bás”, “Ba maith” arsa seisean. Thoisigh an sagart ar an litir. “Caidé cuirfidh mé inntí”, arsa an sagsrt. “Ta” arsa an t-Éireannach, “go bfuair mé bás mar bhéadh ar Slanuightheóir istoigh idir bheirt ghaduidhe”.- Collector
- Míchéal Ó Máirtín
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Informant
- Máire Ní Máirtín
- Gender
- Female
- Age
- 88