School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 35

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 35

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 35
  3. XML “Urnaí an Scabaill”
  4. XML “Paidir ag Dul a Luí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Éist liom a lucht an sgabaill, na deanaigidh faillighe im bhurgcás. Nach truagh sin! fear gan caraid, ‘S é na luighe ar leabaidh an bháis. A dhuine bhocht gan chéill, na deán bréag le Muire. Na h-ith feóil Dia Ceadaoin’s na éagcaoin na thinneas. Bhí (umal) umhal do’r chléir ‘s do na cúig Feilte Muire. Deán faoisdine dílis Dé ‘s béid tú ar fhéasdaog na h-aingle. Bhí Mhuire ‘gus a Mac a siubhal amuigh ‘san ló. Casadh orrtha an fear beannuighthe, naomh Simon as an Róimh. Shín sí chuige as a dheis láimh, sgaball breagh na mbrainnse óir. “Níl a’n dhuine a gcaithfidh mo chulaith, agus a cháthadh mar is cóir. Nach mbéadh seal agam ar a anam ins an ghlóir”. “A Mhaigdean bheannuighthe, Mhodhmar, Mhaiseach. Is tú mo stór mo lón ‘s mo thaisge. Is tú an Réalt Óir ag dul romham ins an casanag deanamh an eólas. Nuair tá an tóir ar an pheacach. Nigh mo lámha, ó smál mo pheacaidh, agus ar uair mo-bháis. Tabhair mo anam ‘na bFlaitheas. Amen”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Paidir a dul a luighe.
    Sínim se ‘sa leabaidh seo marsínfear mé san uaigh. Faoisdin chruaidh, a Dhia, a ghnidhim leat. Absaladh ta mé ag iarraidh ort, A Íosa Críost. Ar droc smaointe mo inntine, ar dhroch ráidhte mo bhéil. Ar dhroch gríomartha mo clolainn. Dé bhríg gur mé tá lochtach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish