School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 164
- XML “Comhairle na Máthara”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Comhairle na Máthra.Cáilín a bhí ann a rabh ‘notion’ ag triúr fear duithe. Bhí súil ag ghach a’n duine de’n triúr uirthi agus is cosmhail gur chuir gach duine aca, án ceust deacair’ uirthi taobh istoigh de spás goirid. Ní thiocfadh leithe deanamh amach go rabh toil aici de a’n dhuine aca thar an duine eile. D’iarr sí [cáirde]? i ngach cás agus d’innis sí an scéal da mathair.
Bhí ceann fada ar an mhathair agus cuir sí [couian]? uirthi dul go dtí achan teach aca ar a sheal agus í cóirighthe i riocht bean deirce go bfeicfeadh sí duithe féin goidé an cineal beo i bhí in gach teach aca fá leith.
An chead teach a dteachaidh sí ann ní rabh aon dhuine istigh ach an mathair. Dubhairt sí nach dtiocfadh leithe í leigint isteach nó go rabh an mac ag coirín an toighe le bean a thabhairt isteach ann.
Dubhairt an cáilín gur cuma leithe, go ndeánfadh sí seift duithe féin agus go mbéadh sí ar siubhal le teacht an lae maidin i mbárach.
Nuair a thainic an fear óg isteach bhí sé cineal [mall]? san oidhche agus bhí an mhathair na luighe. Bhí an bhean óg na luighe cois na teineadh. D’fhiafruigh sé do’n mháthair cé bhí sínte annsin agus labhair sé go goirgeach léithe. Dubhairt a mhathair gur bean bocht a bhí ann. Thiompuigh sé ar a mháthair go garb agus thug teanga mhilltineach duithe gheall ar í leigint isteach.
Rinne sé a shuipear annsin agus chuaidh a luighe. Bhí an cáilín óg ar shiubhal ar maidin sul ar éirigh a’n duine. D’innis sise do’n mathair nuair thainig sí goidé mar bhí.(continues on next page)- Informant
- Nóra Nic Giolla Bhrigde
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal