School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thainic fearg orthasan leis agus buail sideóg aca bhuille i mbeal an cháilín agus rinneadh balbhan dí.
Thug Conall abhaile leis í agus bhí sé ar oilean Uaighe aige ar feadh bliadna gan focal a rádh.
Oidhche ceann bliadna bhí graithe ag Conall ar Tír Mór [aran]? agus nuair a thainic sé i dtír cé bhí ag an chionn eile de’n tráigh [ach]? na sidheógá. Chuaidh Conall i bhfolach agus rinne se cúl éisteacht [ort]?
Bhí sideóg ag caint, “bliadain [comthrom]? as an oidhche anois fuadadh an bhrídeóg uainn”.
“Bal”, arsa fear beag eile, “ní rabh mórán dhe bharr (aige) ag an Bhaoghallach ná ní rabh sé i ndon focal a rádh ó shoin.
Labhair sideóg eile, “Dá mbíodh fhios ag an Bhaoghallach go léagasfadh deoch uisce í as Tobar na nDeorann sin shuas, bhéidh sé ceart go leor”.
Phill Conall arais comh tiugh géar as tiocfadh leis le deoch uisge as an tobar gur léigheas sé an bhean óg. “Anois”, arsa seisean léithe, “ar mhaith leat a dhul na bhaile ionnsair do muintir”.
“Ba maith cinnte”, arsa sise.
“Bhal, fágh réidh agus tar liomsa”.
Shiubhal siad de lá agus d’oidhche go dtainic siad go teach a Hathara. Chuaidh siad isteach agus níor aitin duine ar bith iad. Chuir siad i gcéill gur lucht déirce iad. D’iarr siad loistín na hoidhche agus fuair siad sin.
Bhí siad ag deánamh a ngoradh i dtrátha na hoidhche agus bhí bean an toighe ag stanadh idir an dá shúil ar an mraoi óig. Thoisigh sí a chaoineadh sa deireadh agus d’fhiafruigh na cuairteoirí duithe goidé fáth a caointe.(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Currín
- Gender
- Male
- Informant
- Seosamh Dunlop
- Gender
- Male
- Age
- 20
- Address
- Machaire Gathlán, Co. Donegal