School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 159
  3. XML “An Fidileoir Caoch”
  4. XML “Amhrán an tSagairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Thoisigh an ceól ba bhinne a chuala tú ariamh agus shiubhal an cuideachta thart ar an teach agus bhí siad fadalach ag teacht isteach. Thainic ciúnas sa deireadh agus nuair a d’amharc Nóra amach arais ní rabh duine ar bith le feiceal thart fá’n áit.
    Bhí iongantas mór ortha uilig acht níorbh fhada go dtí gur nochtadh an sceal. “Bhí an (píobaire) Fidleoir Caoc marbh agus curtha le trí seachtmainí ach choinnigh sé a fhocal go deireadh an chaibidil”.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. “Amhrán an tSagairt”.
    Bhí péire fá choinne pósadh agus bhí a phairtse in éadán í a phósadh mar bhí sise bocht. Ach bhí bean eile ar an bhaile a bhí saidhbhir ar mhaith leobhtha cleamhnas posta a dheánamh léithe agus chuaidh se ionnair na [mará]? seo.
    Lá ar na bhárach bhí an cáilín bocht seo a fágadh, bhí sí ag gabhail an bealach mór agus casadh an sagart uirthi.
    “Tá tú buadhartha indiú”, arsa an sagart léithe.
    “Tá”, dubhairt sise, “mé buadhartha”.
    “Tar chugamsa anocht”, arsa seisean, “go bhfogluimidh me amhrán duit”.
    Nuair a bhí an tamrán fogluimthe aicí arsa seisean.
    “Tá an lánamhain le pósadh i mbárach agus béidh bainfheis mór aca. Nuair a thiocfas siad le pósadh iarrfaidh mise ar mo cháilín sheirbhise innse daobhtha nach [mbínn]? sa bhaile go dtí an oirthir le na bpósadh. Ach cibé béidh an bhainfeis aca oidhche i mbárach. Nuair a thiocfas an oidhche cóirigh tusa thú féin in éideadh mrá boichte agus gabh isteach agus suidh i gcoirneál dorcha. Nuair a gheobhas tú suaimhneas abair an t-amhran. Comh luath agus tá se - ráidhte agat bhí do léim amach ar an doras”.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Nic Giolla Bhrigde
    Gender
    Female
    Age
    84
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal