School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 154
  3. XML “Ní Thearn Dia Drochlá Ariamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní Thearn Dia droch lá ariamh
    San am fadó bhí fear saidhbhir na chomhnuidhe i dteach ghalanta. Bhí achan rud aige ach an taon nidh is fearr do duine ar bith ar an tsaoghal seo, sé sin an creideamh
    Samhradh amhain bhí sé ag báistigh agus síor - cur i dtólamh agus ní rabh an bodach sásta
    Lá amhain bhí sé na seasamh ag an gheafta ag amharc uaidh nuair a thainic fear deirce aníos an [camhs]? “Dia dhuith a dhuine uasail”, arsa an fear bocht, “nach breagh an aimsir tá againn.
    Thoisig an bodach ag mallachtaigh agus d’amharc an fear eile go truagcanta air, “a dhuine” arsa seisean cha dtearn Dia lá ariamh ach lá maith”.
    Thog sé a mhála agus as go brath leis. nuair a bhí sé imthighthe d’amharc an bhodach ar an áit a rabh sé ‘na séasamh agus shonnruigh sé go rabh trí luibh úra ag fás ann. an tríomhadh lá na dhiaidh sin bhí blátha deasa ortha agus bhí fhios ag an bhodach ó nár slánuigh - theóir a fuair sé.
    Thoisigh sé a smaoitiú ar an droch saoghal a chaith sé agus gheall sé do féin a bheatha a leasá.
    Rinne sé a anam le Dia. Thóg sé teach - phobail ár agus chaith sé a cuid saidhbhris i seirbhis dé agus ag deánadh maith ó sin amach.
    “A Shean Chailleach Gallda nach ngéileann do Dia. (A. Ní Ceallachain
    Biseach nár fhághaidh tú go dtéighidh tú ar [mure”]?
    (Múinteóir a bhí sa teach agus bhí an bhean seo ag géilleadh leis an déidead.
    Dubhairt sé go rabh órtha an déididh aigesean agus d’iarr uirthe dul taobh amuigh de’n doras agus na [fitla]? seo a radh na dhiaidh)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Informant
    A. Ní Ceallachain
    Gender
    Female