School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 149
  3. XML “Ó Domhnaill Dhún na nGall agus a Bhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. O’Domhnall Dún na nGall agus a Bhean.
    Nuair a pósadh O’Domhnall rinne sé connradh le na mhraoi dá mba i ndán is nach nach mbéadh siad ag teacht le na cheile ró-mhaith no go mbéadh tuitim amach ar bith ins an chás, go gcaitfeadh siad scaramaint dá mba toil leisean é.
    Chuir sise sa mhargadh da mba i ndán is go dtiocfadh an scaramhaint go bhfuigheadh sé cead trí hualaigh de na cuid féin a thabhairt léithe as an chaislean. Bhí an bheirt aca toiltineach seo a deanamh.
    Cibé a tharla eadtorra lá amháin dubhairt seisean gur bhfhearr duithe a beith ag deánamh réidh le himtheacht.
    Cuir sise a cuid éadaigh i gcionn a cheile agus d’fhág ar an taoibh thall de’n abainn iad.
    Thainig sí ath-uair agus chuir sé an tachran leinbh bhí aca ar a druim gur iomchar sí trasna é.
    Thainig sí anall an tríomhadh iarraidh. “Gabh tusa ar mo dhruim anois” arsa sise, “go niompruighidh mé tar an uisce tú”.
    Chonnaic sé nach rabh gar a bheith léithe, go rabh sí ró-chliste dó. D’iarr sé uirthi fanacht agus an dinnear a dheánamh réidh agus níor fhéach sé le na cur ar siubhal o sin amach.
    (Anna Ní Cheallachain, Tamhnach Gorm, Bearnasmór. 78 bliadhna a d’innis. Tá cuimhne aicí ar a lán sean rudaí idir Gaedilg agus Bearla)
    “Fadú teine le loch
    Cogadh com in aghaidh cuain
    Comhairle thabhairt do bhean bhorb
    No buille óird ar iarainn fhuar”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Folktales index
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Ní Ceallachain
    Gender
    Female