School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 136

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 136

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 136
  3. XML “Taiscí na Lochlannach in Éirinn”
  4. XML “Brat Aréir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Tá bean ins an teach sin shuas", arsa seisean, "agus nuair a rachas tú isteach chuicí seo crámh duit agus sín chuici nuair a rachas sí a chrathadh lámh leat".
    Rinne an t Eireannach mar h iarradh air agus bhí an oiread sin fíocha ar an chailligh chuige go dtearn sí smionag de'n crámh idir a dá láimh.
    Thug sí do trapannaí le cur annsin fá choinne dobhar {chom}. D'iarr sí air nuair a gheobhadh sé ceann é a shailleadh in a chraiceann féin agus é a tabhairt chuici mar sin.
    Rinne an t Éireannach amhlaidh agus sa deireadh bheir sé ar cheann agus shaill sé é in a chraiceann féin agus thug ionus 'uirthi é. Bhruith sise cuid de'n feoil annsin agus thug leadhb do le hithe. Nuair a bhlas se é chonnaic sé an t uathbhas {eaisgí} a bhí curtha i bhfolach ag na Lochlannaigh in gach ceard agus cearn d'Éirinn.
    D'iarr sise air cuid den tsugh a ól annsin agus go bhfeiceadh sé an dá oiread. In áit sin nuair d'ól, 'sé rud a d'imthigh a bhfaca sé roimhe aca as a léarstan agus bhí sé comh dall ionnta as bhí ariamh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Brat Aréir
    Triúr fear a shuidh ‘un dinneara agus thug bean an toighe an bhruith an-te daobhtha gheall ar cleas a imirt ortha.
    Nuair a bhlas an chead fhear lán spanóige de [chonnaicthea]? do go rabh sé damanta te, ach níor mhaith leis dadaidh a leigint air féin fá sin leis an bheirt eile.
    “Brat aréir”, arsa seisean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish