School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 135

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 135

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 135
  3. XML “Taisce Sheáin an tSiabtha”
  4. XML “Taiscí na Lochlannach in Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Taisce Sheain an tSiabtha.
    Bhí an bhrionglóid céadna ag Sean an tSiabtha trí hoidhche indiaidh a chéile sé sin, go bhfuighead sé a shaidhbhreas thall ar Dhroichead Lonndain. D’imthigh sé leis anonn agus chaith sé trí lá ar an droiceadh agus é ag amharc ar na sluaighte daoine ag teacht agus ag imtheacht acht ní rabh cuma ar bith go rabh saidhbhreas i ndán do annsin. Ar an tríomhadh lá agus é ar tí imtheacht abaile arais tainic fear coimhthigheach ionns’ air.
    “Tá mé ag amharc ort do sheasamh annseo le trí lá” arsa an strainseár, “agus chan fheicim do ghraithe ann”.
    “Broinglóid a bhí agam i rith trí hoidhche”, arsa Seán, “go bhfuiginn mo shaidhbhreas ar droichead Lonndain a thug annseo me”.
    “Na tabhair áird ar bith ar a léithid sin”, arsa an fear eile, “ná bhí brionglóid agamsa le trí hoidhche go rabh cróc óir i bhfolach faoi chrann sceacóige a bhí ag fás i nGarradh Sheain an tSiabtha i Sop Seisc”.
    Níor leig Sean dadaidh air féin ach nach rabh maith do a bheith na sheasamh annsin ní b’fhuide. D’fhág sé slán ag an strainseár agus thainic anall na bhaile go Sop Seisc. Thoisigh sé ag rómhair ag bun na sceacóige agus nuair a bhí poll trí troighthe ar doimhne deanta aige thainic sé ar an taisce. Bhí dóigh mhaith ar féin a bhean agus a clann ó sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
  2. Taiscí na Loclannach in Éirinn.
    Taistealaidhe a rabh a thriall go Tír na Lochlann uair amhain agus thainig sé suas le fear ann a bhí amuigh sa chuibhreann agus chuaidh ‘un cainnte leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.